About
(English below)
Beo | Live: Na Leanai
Is iad Na Leanaí clann agus garchlann Mhuintir Sands, teaghlach atá á lua le ceol tíre na hÉireann leis na glúnta. I ndiaidh a n-óige a chaitheamh ag leanstan a dtuismitheoirí fríd shaol an cheoil tíre, d'fhás siad aníos agus an ceol thart timpeall orthu, ag foghlaim amhrán agus fonn óna muintir agus ó mhórán ceoltóirí iomráiteacha.
Tugann a dtaispeántais le chéile bailéid Éireannacha thraidisiúnta, poirt agus ríleanna meidhreacha, scéalaíocht agus an comhcheol saibhir teaghlaigh a thig ó na blianta de bheith ag gabháil cheoil le chéile. Le meas domhain ar a bhfréamhacha agus fuaim dá gcuid féin ar fad, tá na leanaí ag leanstad den traidisiún ceoil a tugadh anuas fríd na glúnta.
Tá an banna i ndiaidh camchuairteanna a dhéanamh go leitheadach ar fud na hEorpa, ag seinm ag féilte agus ionaid fríd an Ghearmáin, an Danmhairg, Éirinn agus Sasain. Eisíodh a gcéad albam, Kindred Roots, in 2015, agus ina dhiaidh sin bhí Branching Out in 2017, arb ionann é agus an chéad chaibidil eile sa scéal ceoil teaghlaigh seo.
Dáta: Dé Sathairn 12 Meán Fómhair
Am: 7:30 (Doirse ag 7pm)
Ionad: An Coire
Costas: £16 (táille áirithinte san áireamh)
--------------
Na Leanai are the children and grandchildren of the Sands Family, a name synonymous with Irish folk music for generations. Having spent their childhoods following their parents on the folk circuit, they grew up surrounded by music — learning songs and tunes from their family and from the many renowned musicians they met along the way, from kitchen sessions to backstage gatherings at concert halls across the world.
Their performances bring together traditional Irish ballads, lively jigs and reels, storytelling and the rich family harmonies that come from years of singing together. With a deep respect for their roots and a sound all of their own, Na Leanai continue the musical tradition passed down through the generations.
The band has toured extensively throughout Europe, performing at festivals and venues across Germany, Denmark, Ireland and England. Their debut album, Kindred Roots, was released in 2015, followed by Branching Out in 2017, marking the next chapter in this musical family story.
Date: Saturday 12 September
Time: 7:30 (Doors at 7pm)
Venue: An Coire
Cost: £16 (includes BF)
Guide Prices
| Ticket Type | Ticket Tariff |
|---|---|
| Ticket | £16.00 per ticket |
Note: Prices are a guide only and may change on a daily basis.





